FHNI ANNOUNCES FIRST IRISH LANGUAGE FILM TOUR WITH RÓISE & FRANK
Film Hub NI, part of the BFI Film Audience Network, is delighted to announce its first ever Irish language Collective film tour across Northern Ireland with Róise & Frank, an up-lifting tale of a shaggy dog, a grieving widow, a young hurling star and finding hope in the darkest of places, which is winning audience’s hearts everywhere it goes.
Eight community cinemas in Northern Ireland will show this award-winning Irish Language movie as part of this autumn’s Film Hub NI Collective Tour, which brings the best independent films to local places across the north. The tour starts at one of Film Hub NI’s newest community cinemas Raidió Fáilte in Belfast on Tuesday 4 October and finishes at Newcastle Community Cinema on Thursday 10 November.
Róise & Frank tells the heart-warming story of the recently widowed Róise (Brid Ni Neachtain) who is struggling in the aftermath of her husband Frank’s passing. Grief-stricken and lonely, Róise has distanced herself from the world around her and those dearest to her. But when a stray dog starts to follow her every move it leads her to believe in the reincarnation of her husband and the power of hope. Set in the Irish-speaking Gaeltacht around Ring, County Waterford, the film stars Barley as Frank the loveable mutt, Cillian Ó Gairbhí as Róise’s son Alan, Lorcan Cranitch as Donncha her neighbour and Ruadhán de Faoite as Maidhchí a talented young hurler.
Róise & Frank is written and directed by Rachael Moriarty and Peter Murphy, produced by Cúán Mac Conghail of Macalla Teo., and supported by Screen Ireland, the Broadcasting Authority of Ireland (BAI) and TG4 through the Cine4 scheme. The film is being distributed by Break Out Pictures and goes on general release this month.
Sara Gunn-Smith, Marketing and Audiences Officer for Film Hub NI said: “We are delighted to announce our first Irish Language Collective film tour, with the gentle, moving and funny Róise & Frank. The film has been a huge success on the festival circuit in recent months winning numerous awards including Best Ensemble at Dublin International Film Festival and scooping the Audience Award at both the Santa Barbara and Sonoma International Film Festival.
“I think audiences across Northern Ireland will fall in love with this tender story which has captured the hearts of audiences worldwide and is being distributed by the same company as An Cailín Ciúin (The Quiet Girl), Ireland’s entry for Best International Feature at the 2023 Academy Awards. There is clearly an appetite for Irish language film and we’re proud to play a small part in bringing Róise & Frank to a wider audience.”
Directors Peter Murphy and Rachel Moriarty will be joining the Film Hub NI screenings across Northern Ireland by zoom for specially recorded Q&As to give local audiences an insight into the making of this film.
Rachael Moriarty and Peter Murphy said: “It’s such an honour to be part of this initiative by Film Hub NI. Róise & Frank is a story about losing a loved one and how hard it can be to find a way to live on, a deep and human story but with humour and hurling in the mix also. Animal lovers have been loving it as there is some great canine acting! We are thrilled that Róíse & Frank is connecting with audiences internationally and we’re very excited to share it now with the Film Hub NI audience.”
Film Hub NI is part of the BFI Film Audience Network, a UK wide project to ensure that the greatest choice of film is available to diverse audiences across Northern Ireland. The initiative is supported through National Lottery funding, distributed by the British Film Institute.
The full list of FHNI Collective Tour dates and venues is below. For ticket information please visit: https://www.filmhubni.org/now-showing-tags/collective/
FILM HUB NI - Community Cinema Tour / Camchuairt Phictiúrlainne Phobail
Venue / Ionad | Date / Dáta |
Raidió Fáilte (Divis Street, Belfast) (Sráid Dhubhaise, Béal Feirste) | Tuesday 4th October Máirt 4ú Deireadh Fómhair |
Roe Valley Arts and Cultural Centre (Limavady) Ionad Ealaíon agus Cultúir Ghleann na Ró (Léim an Mhadaidh) | Thursday 6th October Déardaoin 6ú Deireadh Fómhair |
Ormeau Community Cinema (Belfast) Pictiúrlann Phobal Ormeau (Béal Feirste) | Thursday 13th October Déardaoin 13ú Deireadh Fómhair |
Flowerfield Arts Centre (Portstewart) Ionad Ealaíon Ghort na mBláth (Port na Binne Uaine) | Thursday 20th October Déardaoin 20ú Deireadh Fómhair |
Fermanagh Film Club (Enniskillen) Club Scannáin Fhear Manach (Inis Ceithleann) | Wednesday 26th October Dé Céadaoin 26ú Deireadh Fómhair |
Ionad na Fuiseoige (Twinbrook, Belfast) Ionad na Fuiseoige (Cill Uaighe, Béal Feirste) | Wednesday 26th October Dé Céadaoin 26ú Deireadh Fómhair |
Portrush Film Theatre Pictiúrlann Phoirt Rois | Thursday 10th November Déardaoin 10ú Samhain |
Newcastle Community Cinema (Festival) Pictiúrlann Phobail an Chaisleáin Nua (Féile) | Thursday 10th November Déardaoin 10ú Samhain |
Fógraíonn Film Hub NI a gcéad chamchuairt scannáin i nGaeilge le Róise & Frank
Tá lúcháir ar Film Hub NI, ar ball é de Líonra Lucht Féachana Scannáin BFI, an chéad chamchuairt Comhchoiteann trí Ghaeilge a fhógairt i dTuaisceart Éireann le Róise & Frank, scéal croíúil faoi mhadadh giobach, baintreach dhobrónach, aoi óg iománaíochta agus aimsiú an dóchais i ndrocháit, atá ag tabhairt misnigh gach áit a dtéann sé.
An fómhar seo déanfaidh ocht bpictiúrlann phobail i dTuaisceart Éireann an scannán Gaelach rathúil seo a léiriú mar chuid de chamchuairt Comhchoiteann Film Hub NI, lena dtugtar na scannáin neamhspleácha is fearr go ceantair áitiúla sa tuaisceart. Tosaíonn an chamchuairt i gceann de na pictiúrlanna pobail is úire de chuid Film Hub NI, mar atá Raidió Fáilte i mBéal Feirste, ar an Mháirt 4ú Deireadh Fómhair agus cuirfear deireadh leis an chamchuairt i bPictiúrlann Phobail an Chaisleáin Úir ar an Déardaoin 10ú Samhain.
Sa scannán Róise & Frank léirítear scéal croíúil Róise (Bríd Ní Neachtáin), ar éag a fear chéile, Frank, le déanaí, agus atá ag streachailt lena bhás. Í croíbhriste agus uaigneach, tá Róise scoite ón domhan mhór thart uirthi agus óna muintir. Ach nuair a thosaíonn madadh fiáin dá leanstan, tá sí meallta i dtreo creidiúint in athionchollú a fir chéile agus i gcumhacht an dóchais. Agus an scannán lonnaithe i nGaeltacht na Rinne, Contae Phort Láirge, is é Barley a chuireann Frank an madadh geanúil i láthair, is é Cillian Ó Gairbhí a chuireann mac Róise, Alan, i láthair, is é Lorcán Cranitch a chuireann Donncha, a comharsa, i láthair agus is é Ruadhán de Faoite a chuireann Maidhchí, iománaí óg cumasach, i láthair.
Tá Róise & Frank scríofa agus stiúrtha ag Rachael Moriarty agus Peter Murphy, léirithe ag Cúán Mac Conghail ó Macalla Teo, le tacaíocht ó Fhís Éireann, Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus TG4 fríd an Scéim Cine4. Tá an scannán á dháileadh ag Break Out Pictures agus á thaispeáint go forleathan an mhí seo.
Dúirt Sara Gunn-Smith, Oifigeach Margaíochta agus Lucht Féachana le Film Hub NI: “Tá lúcháir orainn an chéad camchuairt Comhchoiteann s’againn trí Ghaeilge a fhógairt, leis an scannán shéimh, thochtach agus ghreannmhar, Róise & Frank. D’éirigh go hiontach leis an scannán ar chamchuairt na bhféilte le roinnt míonna anuas, ag baint roinnt gradam; ina measc, Duais as an Chomhléiriúchán is Fearr, ag Féile Idirnáisiúnta Scannáin Bhaile Átha Cliath agus Duais an Lucht Féachana i bhfeilte Idirnáisiúnta Scannáin Santa Barbara agus Sonoma ina measc.
“Creidim go dtitfidh lucht féachana i dTuaisceart na hÉireann i ngrá leis an scéal mhacánta seo a bhain gean de lucht féachana ar fud na cruinne, agus atá scaipthe ag an chomhlacht chéanna a scaip an Cailín Ciúin, an iontráil Éireannach don Scannán Lánfhada Idirnáisiúnta is Fearr sna Gradaim Acadúla 2023. Is léir go bhfuil éileamh ann do scannáin i nGaeilge agus tá an-bhród orainn ár bpáirt bheag féin a bheith againn ag cur Róise & Frank os comhair lucht féachana níos leithne.”
Beidh na stiúrthóirí, Peter Murphy agus Rachael Moriarty, ag teacht le chéile le lucht féachana léiriúcháin Film Hub NI ar Zoom do sheisiún ar leith C & F réamhthaifeadta, chun léargas a thabhairt ar dhéanamh an scannáin.
Dúirt Rachael Moriarty agus Peter Murphy, “Is mór an onóir é dúinn a bheith mar chuid den tionscnamh nua seo de chuid Film Hub NI. Is scéal é Róise & Frank atá faoi chailliúint agus grá. Tá dúghrinn agus iománaíocht ann freisin, agus is cosúil gur thaitin an aisteoireacht madra le go leor go dtí seo (tá sé ‘ar dóigh’!) Ní rabhamar ag súil go rachadh an scannán i bhfeidhm chomh mór sin ar lucht féachana idirnáisiúnta ach tá ag éirí go hiontach leis, agus ní gá a rá go bhfuil muid ar bís anois go mbeidh ár scannán le feiceáil ag lucht féachana Film Hub NI.”
Is cuid den Film Audience Network de chuid BFI é Film Hub NI, tionscadal uile-Ríochta Aontaithe chun an rogha is ilghnéithigh de scannáin a chur ar fáil do lucht féachana i dTuaisceart Éireann. Tagann tacaíocht don tionscnamh ón Chrannchur Náisiúnta, arna dháileadh ag Institiúid Scannánaíochta na Breataine.
Gheofar thíos an liosta iomlán de dhátaí, mar aon le heolas maidir le hionaid ina léireofar an scannán mar chuid de chamchuairt FHNI Collective. Le haghaidh eolas a fháil ar thicéid, gabh chuig:
https://www.filmhubni.org/now-showing-tags/collective/
Camchuairt Phictiúrlainne Phobail
Ionad | Dáta |
Raidió Fáilte (Divis Street, Belfast) (Sráid Dhubhaise, Béal Feirste) | Máirt 4u Deireadh Fómhair |
Ionad Ealaíon agus Cultúir Ghleann na Ró (Léim an Mhadaidh) | Déardaoin 6u Deireadh Fómhair |
Pictiúrlann Phobal Ormeau (Béal Feirste) | Déardaoin 13u Deireadh Fómhair |
Ionad Ealaíon Ghort na mBláth (Port na Binne Uaine) | Déardaoin 20u Deireadh Fómhair |
Scannáin Fhear Manach (Inis Ceithleann) | Dé Céadaoin 26u Deireadh Fómhair |
Ionad na Fuiseoige (Cill Uaighe, Béal Feirste) | Dé Céadaoin 26u Deireadh Fómhair |
Pictiúrlann Phort Rois | Déardaoin 10u Samhain |
Pictiúrlann Phobail an Chaisleáin Úir (Féile) | Déardaoin 10u Samhain |